Bhronn an Comhlachas Náisiúnta Drámaíocht, Sparántacht Ghradam na hAmharclainne orm i Mí na Bealtaine 2004 do mo dhráma nua-scríte Imithe le Gealaigh, dráma aon uair a chloig ar fhaid le bean amháin ag caint. Bronnadh 1,500 euro orm, trophaí agus 500 euro chun comhairle a chur ar an léiritheoir. Stáistíodh mo dhráma nua-scríte Imithe le Gealaigh sa Díseart ar an 29ú / 30ú Deireadh Fómhair 2004 mar chuid do Fhéile na Samhna. Bhí tigh lán againn dhá oíche as a chéile. Ina dhiaidh sin, cuireadh an dráma ar siúl ar an bhFeothanaigh, in Aonach na Mumhan, i Lios Tuathail agus sa Granary i gCorcaigh mar chuid d’Fhéile na hOllscoileanna 2005. Bhí Imithe le Gealaigh ar siúl i gCorcaigh don Oireachtas mar chuid de Cork, European City of Culture 2005 i Mí na Samhna 2005. Clonakilty 2006.